Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Teasalónaigh 3:1

An Bíobla Naofa 1981

Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfadh scéala an Tiarna go luath agus go mbeadh meas air faoi mar tharla agaibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

agus sléachtfaidh mé ag do theampall naofa. Gabhaim buíochas leat as ucht do bhuanghrá agus do dhílse, a sháraíonn ar [ar chualamar riamh fút].

Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.”

Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.

Lean briathar Dé ag fás agus ag leathnú.

Ar an gcuma éachtach sin tháinig fás agus neart faoi bhriathar an Tiarna.

De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh.

Táim á iarraidh d'achainí oraibh, a bhráithre, trínár dTiarna Íosa Críost agus trí ghrá an Spioraid Naoimh, cuidiú liom sa choimhlint atá romham le hurnaithe a dhéanamh chun Dé ar mo shon,

mar tá doras mór ar leathadh romham chun oibre - agus tá naimhde go leor agam.

ach sibhse a theacht i gcabhair orainn le hurnaithe. Sa tslí sin, ní beag a bheidh ag gabháil buíochais thar ár gceann as an aisce a bhronnfaidh sé orainn ar impí mhórán.

Agus anois, a bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú. Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh.

Agus déanaigí guí orainne chomh maith, a iarraidh ar Dhia bealach a réiteach dúinn chun a bhriathar a leathadh agus chun rúndiamhair Chríost a fhógairt. Ós é an rúndiamhair sin faoi deara dom bheith i ngéibheann,

mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh.

Mar is uaibhse amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus in Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi.

Tá a fhios agaibh féin, a bhráithre, nárbh aon turas in aistear ár gcuairt oraibh.

Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh.

Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne - conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d'achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós.

A bhráithre, bígí ag guí orainne chomh maith.

Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí