Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Teasalónaigh 1:5

An Bíobla Naofa 1981

Is léiriú é sin ar bhreithiúnas cothrom Dé, mar is é a thiocfaidh as go mbeidh sibhse i dteideal ríocht Dé a bhaint amach toisc sibh a bheith ag fulaingt ar a son;

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

An gclaonann Dia an ceart? An bhfiarann an tUilechumhachtach an chóir?

Is dílis agus is cóir iad a oibreacha; is daingean iad a aitheanta go léir.

Carann sé an chóir agus an ceart agus líonann sé an talamh dá bhuanghrá.

Foilsíonn na flaithis a fhíréantacht óir is é Dia é féin is breitheamh.

chun go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobal agus cothrom do dhaoine bochta.

Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht. Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir; agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób.

Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo: go dtuigeann agus go n‑aithníonn sé mise. Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh, le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht; sea, is iontu seo atá mo dhúil - an Tiarna a labhraíonn.”

ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile;

Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”

Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.

ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”

Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithrigh tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lae úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé,

agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.

Táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh

agus gan eagla ar bith oraibh roimh bhur naimhde. Is cruthú é sin go bhfuil bascadh i ndán dóibhsean ag Dia agus bhur slánú i ndán daoibhse.

agus go mbeadh sibh go lúcháireach ag gabháil buíochais leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas

Tá sibhse, a bhráithre, ag leanúint lorg eaglaisí Dé atá in Íosa Críost ar fud Iúdáia; mar tá an íde chéanna faighte agaibhse ó bhur gcomhthírigh agus a fuair siadsan ó na Giúdaigh,

Sin é an fáth nach stadaimid ach ag guí oraibh le hionchas go ndéanfadh ár nDia diongbháilte ar bhur ngairm sibh agus go dtabharfadh sé chun críche go héifeachtach gach fonn maitheasa atá oraibh agus gach dea-ghníomh dá spreagann an creideamh ionaibh.

Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith. Má shéanaimid é, séanfaidh seisean sinn.

Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”

Agus chuala an altóir féin á rá: “Sea, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh, is fíor agus is cóir iad do bhreitheanna!”

Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”

Ach tá beagán agat i Sairdis, daoine nár shalaigh a n‑éidí; agus siúlóidh siad faram in éidí geala óir is fiú iad é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí