Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.
Nuair a chonaic na ríthe go léir a thug géillsine do Hadad Eizir go raibh buaite orthu ag Iosrael, rinneadar síocháin le hIosrael, agus ghéilleadar dóibh. B'eagal leis na hAramaeigh cabhrú leis na hAmónaigh a thuilleadh.
Cuirigí i gcrích anois é más ea. Thug an Tiarna gealltanas do Dháiví á rá: ‘Le neart láimhe mo sheirbhísigh Dáiví, déanfaidh mé mo phobal Iosrael a shaoradh ó lámha na bhFilistíneach agus ó lámha a naimhde go léir.’ ”
Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.
Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.
Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d'iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.
An chuid eile de stair Iarobám, a imeachtaí go léir, a ghaisce, na cogaí a d'fhear sé, (conas mar a bhuaigh sé an Damaisc agus Hamát i Iáidí), nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
Scrios Iónátán an garastún Filistíneach a bhí i nGibeá, agus thuig na Filistínigh [go raibh na hEabhraigh éirithe amach]. Shéid Sól an trumpa ó cheann ceann na tíre á rá: “Bíodh cluas le héisteacht ar na hEabhraigh!”
Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine.
Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”