Ghabh a oifigigh go léir thairis, agus ghabh na Ceiréitigh go léir, agus na Peiléitigh go léir, agus gach duine den sé chéad Giteach a lean é ó Ghat, ar aghaidh roimh an rí.
Ansin ghabh Zádóc an sagart, Nátán fáidh, Banáiá mac Iahóideá, na Ceiréitigh agus na Peiléitigh síos; chuir siad Solamh ar muin mhiúil Dháiví rí agus thugadar leo é go Gíohón.
Chuir an rí Zádóc an sagart leis, agus Nátán fáidh, agus Banáiá mac Iahóideá, agus na Ceiréitigh agus na Peiléitigh; chuir siad ar muin mhiúil an rí é;
Sa seachtú bliain chuir Iahóideá fios ar cheannfoirt na gCairianach agus na bhfear faire, agus thug sé chuige féin iad i dTeampall an Tiarna. Rinne sé conradh leo agus tar éis dó iad a chur faoi mhionn thaispeáin sé mac an rí dóibh.
Banáiá mac Iahóiádá, laoch ó Chabzael, fear déanta móréachtaí, threascair sé dhá churadh ó Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.
dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan na bhFilistíneach, coscróidh mé na Ceiréitigh, agus scriosfaidh an chuid eile de lucht an chósta.
Mairg daoibh, a áitritheoirí chósta na farraige, a chine na gCréiteach. (Tá briathar an Tiarna in bhur n‑aghaidh.) Ísleoidh mé thú, a dhúiche na bhFilistíneach! Millfidh mé thú sa chaoi nach bhfágfar aon áitritheoir ar bith ionat.