Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”
Ghluais Ióáb mac Zarúá agus lucht leanúna Dháiví amach chomh maith agus bhuaileadar le chéile ag Linn Ghibeón. Stad siad ansiúd, dream díobh ar thaobh den linn, agus an dream eile ar taobh eile.
Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.
Dúirt Dáiví: “An té is túisce a bhuailfidh Iabúsach ar lár, déanfar taoiseach agus ceannaire de.” Ba é Ióáb mac Zarúá a ba thúisce a ghabh suas agus a ndearnadh taoiseach de.