Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.
Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.
Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.
Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An dream is mó ar talamh, ní mó a gclú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.
Théadh taoisigh na bhFilistíneach amach chun catha, ach gach uair a théidís chun catha ba mhó í caithréim Dháiví ná caithréim cheannairí Shóil go léir, agus bhí clú agus cáil dá réir air.
Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.
Sheoladar áirc Dé go hEacrón, ach nuair a shroich áirc Dé Eacrón, rinne muintir Eacrón liú: “Thugadar áirc Dhia Iosrael chugainn d'fhonn an bás a thabhairt orainn féin agus ar ár muintir.”