Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 7:5

An Bíobla Naofa 1981

“Imigh leat agus abair le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: An amhlaidh gur mian leat teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí?

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

An oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán:

“Tá a fhios agat nach raibh ar chumas Dháiví m'athair teach a thógáil d'ainm an Tiarna a Dhia, mar go raibh cogadh á chur ag a naimhde air ó gach taobh nó gur bhrúigh an Tiarna faoina chois iad.

“An teach seo atá á thógáil agat... má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú m'aitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do d'athair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh.

“Imigh leat agus abair le mo shearbhónta Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: Ní tusa an té atá le teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí.

ach dúirt an Tiarna liom: ‘Ní thógfaidh tú teach do m'ainm mar gur curadh cogaidh thú agus gur dhoirt tú fuil.’

Déanann croí an duine an beartú; ach sé an Tiarna a thugann an freagra.

Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí