Ach cé ar féidir leis teach a thógáil dó ón uair nach féidir leis na flaithis, ná flaithis na bhflaitheas, é a chuimsiú? Agus maidir liomsa, cad chuige a dtógfainnse teach dó ach mar áit ina ndófainn túis os a chomhair?
agus i dtreo go n‑eachtrófása do do mhac agus do mhac do mhic conas mar a bhuail mé bob ar na hÉigiptigh agus go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna.”
Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?
mar an uair seo seolfaidh mé mo phlánna go léir sa mhullach ort féin, agus ar do shearbhóntaí, agus ar do mhuintir, i dtreo go mbeidh a fhios agat nach bhfuil mo leithéid eile ar domhan ar fad.
Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna, Cruthaitheoir na spéartha, arb é Dia é, arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é, a chuir bun faoi agus nár chruthaigh in anord é ach a rinne áit chónaithe de: “Is mise an Tiarna, níl m'athrach ann.
“Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní dhéanaim seo, a mhuintir Iosrael, ar bhur sonsa, ach ar son m'ainm naofa a thruailligh sibh i measc na gciníocha mar a ndeachaigh sibh.
Bíodh fhios agaibh nach ar bhur sonsa a dhéanaim é seo - an Tiarna Dia a labhraíonn. Bíodh náire agus imní oraibh mar gheall ar bhur n‑iompar, a mhuintir Iosrael.
Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.
‘A Thiarna Dia,’ arsa mise, ‘níl ach tús déanta agat ag nochtadh do mhórgachta agus do chumhachta do do sheirbhíseach, óir cén dia ar neamh nó ar talamh ar féidir leis éachtaí agus fearta mar do chuidse a dhéanamh?
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).