Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, gur threoraigh tú an fad seo mé?
ní fiú mé aon phioc den chineáltas buan ná den dílseacht a thaispeáin tú do do shearbhónta. Óir ní raibh agamsa ach mo bhata nuair a ghabh mé thar an Iordáin anseo, agus anois is líon dhá bhaicle mé.
Saor mé, impím ort, ó láimh mo dhearthár, ó láimh Éasau, mar is eagal liom é; is baol go n‑ionsóidh sé sinn agus sinn go léir a dhíothú, na leanaí agus a máithreacha chomh maith.
Seasann mo theach daingean i láthair Dé, mar rinne sé conradh síoraí liom, agus d'fhág gach ní in eagar go teann. Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé gach ní is mian liom?
Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, chun gur threoraigh tú an fad seo mé?
Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé d'acmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort.
D'fhreagair seisean: “A Thiarna, conas a thiocfaidh liomsa Iosrael a shaoradh? Is é mo fhinese an fine is laige i Manaise, agus is mise is lú cumas i dteaghlach m'athar.”
Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: “Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?”
Dúirt Samúéil: “Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael
D'fhreagair Sól: “Nach Biniáimineach mé, duine den treibh is suaraí in Iosrael? Agus nach é m'fhinese an fine is suaraí de threibh Bhiniáimin uile? Cad ab áil leat á rá sin liom?”