Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.
Agus féach! tháinig briathar an Tiarna chuige gan mhoill: “Ní hé an fear seo a bheidh ina oidhre ort. Beidh mac a ghinfear ó do leasracha féin ina oidhre ort.”
Mura ndeanfaidh tú, sé a tharlóidh, nuair a bheidh mo thiarna an rí ina chodladh lena shinsir, ná go gcuirfear é seo i leith mo mhic Solamh, agus i mo leithse, mar choir.”
agus dúirt sé: ‘Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael, a dheonaigh duine de mo shliocht a shuí i mo ríchathaoir inniu agus mé a fheiceáil le mo shúile cinn.’ ”
agus cuirfidh an Tiarna i gcrích an gealltanas a thug sé dom á rá: ‘Má bhíonn do chlann mhac aireach faoina n‑iompar agus leanúint go dílis dom le lán a gcroí agus a n‑anama ní bheidh tú go brách gan fear i gcoróin ar Iosrael.’
daingneoidh mé do ríchathaoir os cionn Iosrael go deo, faoi mar a gheall mé do Dháiví d'athair á rá: ‘Ní bheidh tú riamh gan fear i ríchathaoir Iosrael.’
Ach ní scriosfadh an Tiarna Iúdá ar son Dháiví, a shearbhónta, mar gur gheall sé go dtabharfadh sé lóchrann go brách dó féin agus dá chlann mhac [ina láthair].
Agus nuair a bheidh deireadh le do ré agus go gcaithfidh tú dul ar shlí do shinsear, ardóidh mé do shíol i do dhiaidh, mac leat féin, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.
A Thiarna, a Dhia, tá an gealltanas a thug tú do Dháiví m'athair comhlíonta anois mar rinne tú rí díom ar phobal atá chomh líonmhar le deannach na talún.
“A Iarobám agus a Iosrael go léir,” ar sé, “nach bhfuil a fhios agaibh gur thug an Tiarna flaitheas Iosrael do Dháiví agus dá shliocht go brách trí chonradh dosháraithe?
Ach ní scriosfadh an Tiarna teaghlach Dháiví de bharr an chonartha a rinne sé le Dáiví agus de bhrí go raibh sé dílis don ghealltanas a thug sé go bhfágfadh sé lampa aige féin agus ag a shliocht go brách.
Rinne an comhthionól go léir conradh leis an rí i dTeampall an Tiarna. “Seo agaibh mac an rí,” arsa Iahóideá, “bíodh sé ina rí faoi mar a gheall an Tiarna faoi shliocht Dháiví!
Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha. Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.
Mar nuair a bhí comhairle Dé curtha i gcrích ag Dáiví i gcaitheamh a shaoil, fuair sé bás agus adhlacadh é taobh lena shinsir agus d'imigh meathlú air.
Dúirt an Tiarna le Maois: “Is gearr go gcodlóidh tú le d'aithreacha. Ansin éireoidh an pobal seo agus rachaidh siad le striapachas ar thóir déithe deoranta na tíre ina bhfuil siad le cur fúthu ina measc. Tréigfidh siad mé agus brisfidh siad an conradh seo a rinne mé leo.
Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith.