an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael; tabharfaidh mé faoiseamh duit ó do naimhde go léir. Fógraíonn an Tiarna duit go ndéanfaidh an Tiarna teaghlach díot.
Óir bhí sé i gceannas ar an dúiche go léir laistiar den Eofrataes, ar na ríthe go léir laistiar den Eofrataes, ó Thifseá go Gazá, agus bhí síocháin aige ar gach teorainn máguaird.
Ansin sheas Dáiví rí ar a chosa deiridh agus dúirt: “A ghaolta agus a mhuintir liom, tugaigí cluas dom. Bhí sé bhuailte isteach i mo chroí teach socair a thógáil d'áirc chonradh an Tiarna, agus mar stól do chosa ár nDé. Rinne mé ullmhúchán don tógáil,
“Déanaimis na cathracha seo a atógáil,” ar sé le Iúdá, “agus cuirimis ballaí agus túir, geataí agus sparraí, timpeall á gcosaint. Fágfar an tír seo fúinn mar lorgamar an Tiarna ár nDia; lorgamar é agus thug sé síocháin dúinn ar gach taobh.” Rinneadar an tógáil dá bhrí sin agus bhí an rath orthu.
Do stiúrthóir an chóir. Dáiví, giolla an Tiarna, a dúirt briathra an amhráin seo leis an Tiarna an uair a shaor an Tiarna é ó chumhacht a naimhde uile agus ó láimh Shóil. Dúirt sé:
Thug an Tiarna síocháin dóibh ar gach teorainn faoi mar a mhionnaigh sé dá n‑aithreacha; níor éirigh le hoiread agus namhaid dá gcuid an fód a sheasamh ina n‑aghaidh, mar gur chuir an Tiarna a naimhde go léir faoina mbois.
I bhfad ina dhiaidh sin, nuair a bhí suaimhneas tugtha ag an Tiarna d'Iosrael ó chiapadh a naimhde go léir ina dtimpeall, agus Iósua féin ina sheanduine anonn go maith sna blianta,