Bhí eagla an Tiarna ar Dháiví an lá sin: “Conas,” ar sé, “arbh fhéidir le háirc an Tiarna teacht chugamsa?”
Bhí Dáiví míshásta mar gur bhris fearg an Tiarna amach ina aghaidh Uzá, agus tugtar Bearna Uzá ar an áit go dtí an lá inniu.
Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m'athair.
Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat; agus is eagal liom do reachtanna.
Arsa mise: Is mairg dom, tá mé caillte, óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan, tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.
agus le barr eagla, chuaigh mé ag cur do thallainne i bhfolach sa talamh. Seo duit í: tá do chuid féin agat.’
Sin mar a bhí ag Sárá a bhí umhal d'Abrahám ar ar thug sí tiarna. Is dá sliocht sibhse nuair a chleachtann sibh na dea-oibreacha, gan scáth gan eagla.
Dúirt muintir Bhéit Seimis ansin: “Cé a fhéadfaidh seasamh i láthair an Tiarna an Dia naofa seo? Cé chuige a rachaidh sé suas uainne?”