2 Samúéil 6:7An Bíobla Naofa 1981D'adhain fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus bhuail Dia ar an toirt é mar gur bhain sé leis an áirc lena láimh, agus fuair sé bás ansiúd taobh le háirc an Tiarna. Féach an chaibidil |
Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t‑ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát.