Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 6:21

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Dáiví Míceal: “Don Tiarna a bhí mé ag rince. [Dar an Tiarna beo], an té a thogh mise roimh d'athair agus roimh a theaghlach go léir le taoiseach a dhéanamh díom ar Iosrael, pobal an Tiarna, déanfaidh mé rince os comhair an Tiarna

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’ ”

Bhí Dáiví ag rince an méid a bhí ina chorp os comhair an Tiarna, agus éafód lín á chaitheamh aige.

Nuair a bhí áirc an Tiarna ag dul isteach i nDúnfort Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví rí ag steipeadaíl agus ag rince os comhair an Tiarna; tháinig drochmheas aici air ina croí.

agus mé féin a ísliú níos mó fós. Beidh mé gan mheas i do shúilese, ach beidh deamheas orm ina súile siúd, na cailíní a luann tú.”

Bhí Dáiví agus teaghlach Iosrael ag rince os comhair an Tiarna le barr dúthrachta, ag cantain le cruiteanna, le cláirseacha, le bodhráin, le castainéid, agus le ciombail.

Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal.

Nuair a bhí áirc chonradh an Tiarna ag gabháil isteach i gcathair Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví ag rince agus ag ábhacht os comhair an Tiarna; fuair sí drochmheas air ina croí.

Chuir sé as oifig ansin é agus d'ardaigh rí dóibh, Dáiví, an fear ar dhearbhaigh sé ina thaobh á rá: ‘Is é m'aithne ar Dháiví mac Ieise, gur fear de réir mo chroí féin é, fear a dhéanfaidh gach ní is toil liom.’

Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d'eaglais Dé.

Anois, ámh, ní mhairfidh do fhlaitheas; chuardaigh an Tiarna agus fuair sé fear de réir a chroí féin, agus cheap sé é mar thaoiseach ar a phobal mar nár chuir tú i gcrích na nithe a d'ordaigh an Tiarna duit.”

Dúirt Samúéil leis: “Tá ríocht Iosrael stróicthe uait inniu ag an Tiarna agus tugtha aige do chomharsa duit, is fearr d'fhear ná thú.

Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”

Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: “Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí