Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 6:18

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví bheannaigh sé an pobal in ainm Tiarna na Slua.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Chuir sé a bheannacht air á rá: “Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún.

Ansin roinn sé ar an bpobal uile, ar shlua iomlán Iosrael, idir fhir agus mhná, cáca aráin an duine agus sciar dátaí agus císte rísíní. D'imigh an pobal go léir ansin, gach duine chun a thí féin.

Is ea go deimhin, tá áit chónaithe tógtha agam duit, Áit duit chun cónaí ann go brách.”

Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh.

Nuair a bhí an achainí agus an urnaí seo go léir curtha ag Solamh i láthair an Tiarna, d'éirigh sé dá ghlúine mar a raibh sé lena lámha sínte suas amach chun na bhflaitheas aige os comhair altóir an Tiarna,

Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví, bheannaigh sé an pobal in ainm an Tiarna.

D'éirigh na sagairt agus na Léivítigh ina seasamh ansin agus bheannaíodar an pobal. Éisteadh lena nglór agus chuaigh a n‑urnaí suas chun a áitribh naofa ar neamh.

Nuair a tháinig Hiziciá agus a fheidhmeannaigh an treo agus go bhfaca siad na cairn, mhol siad an Tiarna agus a phobal, Iosrael.

Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh.

Agus nach ndéarfaidh lucht taistil na slí “Bail ó Dhia ar an obair! Beannaímid sibh in ainm an Tiarna; anois agus choíche!”

D'iniúch Maois an obair go léir agus ba léir dó go raibh sé go léir déanta acu mar a d'ordaigh an Tiarna. Bheannaigh Maois iad.

Nuair a thóg Dia a sheirbhíseach is chugaibhse is túisce a chuir sé é chun go mbeannódh sé sibh trí gach duine agaibh a iompú óna chuid urchóide.”

Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d'imíodar leo abhaile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí