Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 6:12

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig scéala go Dáiví rí gur chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach Obaed Eadóm agus ar gach ar bhain leis de bharr áirc an Tiarna. D'imigh Dáiví dá bhrí sin agus thug sé áirc Dé leis aníos ó theach Obaed Eadóm go Dúnfort Dháiví le barr lúcháire.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, sé sin Dúnfort Dháiví.

Chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, Dúnfort Dháiví.

agus thug na sagairt an áirc suas leo,

agus Both na Teagmhála, mar aon leis na soithí naofa go léir a bhí istigh ann.

D'iompair na Léivítigh áirc Dé agus a cuaillí ar a nguaillí faoi mar a d'ordaigh Maois de réir bhriathar an Tiarna.

D'imigh Dáiví agus seanóirí Iosrael agus na ceannairí míle le háirc chonradh an Tiarna a bhreith ó theach Obaed Eadóm faoi lúcháir mhór.

An conradh a rinne sé le hAbrahám, An mionn a mhionnaigh sé le hÍosác,

Bhí clann mhac ag Obaed Eadóm: Seamaiá an chéadghin, Iahózábád an dara mac, Ióách an tríú mac, Sácár an ceathrú, Natanael an cúigiú,

Aimíéil an séú, Íosácár an seachtú, Peulataí an t‑ochtú; chuir Dia an rath air go dearfa.

Ansin chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael agus taoisigh na dtreibheanna agus cinn finí phobal Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, cathair Dháiví.

“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí