Thionóil Dáiví sluaite tofa Iosrael go léir, tríocha míle fear.
Ní thógfaidh mé aon ní ach ar ith mo chuid fear agus cion an triúir a ghabh liom - Ainéar, Eisciol agus Mamrae; bíodh a gcion féin acusan.”
Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón. “Féach,” ar siad, “sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara.
Chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, Dúnfort Dháiví.
Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile ó Shíochór na hÉigipte go Bealach Hamát d'fhonn áirc Dé a thabhairt ar ais ó Chiriat Iáraím.