Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 5:5

An Bíobla Naofa 1981

Bhí sé seacht mbliana agus sé mhí i Heabrón ina rí ar Iúdá, ansin bhí sé trí bliana agus tríocha i Iarúsailéim ina rí ar Iosrael agus Iúdá go léir.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Thug mé teach do mháistir duit agus mná do mháistir i d'ucht duit; thug mé teaghlach Iosrael duit agus teaghlach Iúdá, agus dá mba nár leor sin, thabharfainn oiread eile duit.

Seacht mbliana agus sé mhí a bhí Dáiví i Heabrón ina rí ar Iúdá.

Tháinig muintir Iúdá ann, agus rinneadar Dáiví a ungadh ina rí ar theaghlach Iúdá. D'insíodar do Dháiví gur adhlaic muintir Iáibéis Gileád Sól.

Bhí daichead bliain caite aige ina rí ar Iosrael, seacht mbliana acu i Heabrón agus trí bliana tríochad i Iarúsailéim.

Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna, agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael, de réir bhriathar an Tiarna trí bhéal Shamúéil.

Bhí sé daichead bliain i réim ar Iosrael; bhí sé seacht mbliana i réim i Heabrón, agus tríocha trí bliana in Iarúsailéim.

Rugadh seisear dó dá bhrí sin i Heabrón mar a raibh sé i réim seacht mbliana agus sé mhí. Bhí sé tríocha trí bliana i réim in Iarúsailéim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí