Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.
Bíodh fuinneamh in bhur ngéaga mar sin agus bíodh misneach agaibh! Tá Sól bhur dtiarna tar éis bháis, ach rinne teaghlach Iúdá mise a ungadh le bheith i mo rí orthu!”
Dúirt Aibnéar ansin le Dáiví: “Ní mór dom a bheith ag cur díom; táim chun Iosrael go léir a chruinniú go dtí mo thiarna, an rí. Déanfaidh siad conradh leat agus beidh tú i do rí ar mhian do chroí.” Scaoil Dáiví Aibnéar uaidh dá bhrí sin agus d'imigh sé gan aon duine a chur isteach air.
Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’
Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna, agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael, de réir bhriathar an Tiarna trí bhéal Shamúéil.
Ach mar sin féin, thogh an Tiarna Dia Iosrael mise, thar theaghlach uile m'athar, le bheith i mo rí ar Iosrael go deo. Thogh sé Iúdá mar thaoiseach, agus mo fhine-se laistigh de theaghlach Iúdá; agus thar chlann mhac m'athar, thug sé mise mar rí d'Iosrael go léir le barr deamhéine.
“Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;
Chuir Iaftá chun bóthair dá bhrí sin le seanóirí Ghileád, agus cheap na daoine mar cheann agus mar cheannasaí orthu féin é; rinne Iaftá a choinníollacha go léir a aithris arís i Mizpeá i bhfianaise an Tiarna.
Chuaigh an pobal go léir go Gilgeál dá bhrí sin agus d'fhógraíodar Sól ina rí ansiúd i láthair an Tiarna i nGilgeál. D'ofráladar íobairtí comaoineach ansiúd i láthair an Tiarna agus lúcháir thar na bearta ar chlann Iosrael go léir.
Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.