Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 5:22

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig na Filistínigh aníos arís agus chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Rinne na Filistínigh cogadh arís eile in aghaidh Iosrael. Ghabh Dáiví agus a bhuíon síos agus [shuigh siad a longfort ag Gob] agus chuir cath ar na Filistínigh. [Ansin d'éirigh Dodó

Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos agus thángadar timpeall aimsir an fhómhair go Dáiví san uaimh in Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím.

Nuair a tháinig na Filistínigh, chuireadar cóiriú oscailte orthu féin i nGleann Rafáím.

Ansin chuaigh an fáidh suas go rí Iosrael agus dúirt leis: “Tar, bíodh misneach agat, agus meáigh go maith cad tá le déanamh agat, mar tiocfaidh rí Arám aníos i do choinne arís san earrach.”

Tháinig na Filistínigh arís agus chuir siad cóiriú oscailte catha orthu féin sa ghleann.

Amhail nuair a tharraingíonn an buanaí gabháil den arbhar chuige, agus go mbaineann a lámh na diasa; amhail nuair a bhíonn na ceannóga á gcnuasach i ngleann Rafáím.

Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí