“ ‘Cuirfidh sé tine le teampaill dhéithe na hÉigipte: dófaidh sé na déithe seo nó tógfaidh leis iad; faoi mar a ghlanann tréadaí na gcaorach míolra dá bhrat, is mar sin a bhánóidh sé dúiche na hÉigipte, agus imeoidh leis gan cur ina choinne.
Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.
Loisc íomhánna snoite a ndéithe, gan dúil a chur san airgead ná san ór a chlúdaíonn iad, ná é bhreith leat duit féin le heagla go mba ghaiste duit é, óir is gráin leis an Tiarna do Dhia é.
Ach seo í an íde a thabharfaidh sibh orthu: scartálaigí a n‑altóirí, agus brisigí a n‑íomhánna, agus gearraigí anuas a gcuaillí naofa agus cuirigí tine lena n‑íola snoite.