Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 5:18

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a tháinig na Filistínigh, chuireadar cóiriú oscailte orthu féin i nGleann Rafáím.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Sa cheathrú bliain déag tháinig Cadarláómar agus na ríthe a bhí i gcomhar leis agus bhuadar ar na Rafáím ag Aistearót Carnaím, ar na Zuzaím i Hám, na Héimím i machaire Chiriátáim, agus

Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos agus thángadar timpeall aimsir an fhómhair go Dáiví san uaimh in Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím.

Tháinig na Filistínigh aníos arís agus chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím.

Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos go dtí Dáiví ag an gcarraig láimh le hUaimh Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím.

Amhail nuair a tharraingíonn an buanaí gabháil den arbhar chuige, agus go mbaineann a lámh na diasa; amhail nuair a bhíonn na ceannóga á gcnuasach i ngleann Rafáím.

Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím.

D'fhreagair Iósua: “Más pobal líonmhar sibh, suas libh chun na foraoise agus déanaigí talamh a ghlanadh i gcríocha na bPirizeach agus na Rafáím mar go bhfuil ardáin Eafráim róchúng daoibh.”

Ghabh an teorainn ansin síos le taobh an tsléibhe sall ó Ghleann Bhein Hiniom, lastuaidh de mhachaire na Rafáím, ansin síos isteach i nGleann Hiniom, laisteas de ghualainn na Iabúsach síos amach go hÉan Rogael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí