Tar éis teacht ó Heabrón dó, ghlac Dáiví le leannáin agus le mná eile in Iarúsailéim, agus rugadh a thuilleadh mac agus iníonacha dó.
Bhí tréada agus táinte ag an bhfear saibhir, flúirse díobh.
Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ina rí ar Iosrael ag an Tiarna agus go raibh a réim á móradh aige ar son a phobail Iosrael.
Bhí seacht gcéad bean aige a bhí ar chéim ríoga agus trí chéad leannán.
Seo iad clann mhac Dháiví a rugadh dó i Heabrón: an chéadghin Amnon ó Aichíonam as Izréil; an dara mac Dáníéil ó Aibiogáil ó Chairmeil.
Sin iad clann mhac uile Dháiví, seachas clann mhac na leannán. Deirfiúr dóibh ab ea Támár.
Ach chuaigh Aibíá i neart; thóg sé ceathrar ban déag chuige féin agus ghin sé beirt mhac ar fhichid agus seisear iníonacha déag.
Ná cruinníodh sé a lán ban dó féin, óir chuirfeadh sin a chroí amú; agus ná cruinníodh sé an iomad óir agus airgid dó féin.
Thóg Dáiví Aichíonoam ó Izréil chomh maith mar bhean, agus bhíodar araon aige mar mhná céile.