Mhair an chogaíocht, más ea, idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví; bhí Dáiví ag dul i neart agus i neart, ach bhí teaghlach Shóil ag dul i laige agus i laige.
Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.
Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.
Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.
Ach dá ainneoin sin uile bíodh misneach agat, a Zarubáibil, a deir an Tiarna, agus agatsa freisin, a Iósua, a mhic Iózádác, a ardsagairt, agus agaibhse, a mhuintir uile na tíre, a deir an Tiarna. I mbun na hoibre libh anois! Óir táimse in bhur dteannta, a deir Tiarna na Slua.
Cibé uair a ghabhadh Dáiví amach, agus cibé cúram a chuireadh Sól air, ritheadh leis, agus chuir Sól i gceannas na saighdiúirí é. Bhí gean ag an bpobal air agus ag oifigigh Shóil chomh maith.