Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 4:8

An Bíobla Naofa 1981

agus thugadar ceann Ís Bál go Dáiví i Heabrón. “Seo duit,” ar siad leis an rí, “ceann Ís Bál, mac Shóil, do namhaid, an té a bhí ar thóir d'anama. Rinne an Tiarna mo thiarna, an rí, a agairt ar Shól agus ar a shliocht inniu.”

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Aichímeáz mac Zádóc: “Caithfidh mé rith agus a rá leis an rí gur fhuascail an Tiarna é ó láimh a naimhde.”

Ansin tháinig an Cúiseach i láthair. “Dea-scéala do mo thiarna an rí!” arsa an Cúiseach. “Rinne an Tiarna thú a fhuascailt inniu ó láimh gach duine a rinne ceannairc i d'aghaidh.”

Aibnéar mac Néar, taoiseach airm Shóil, rug sé Ís Bál mac Shóil leis agus thug sé anonn go Machanáím é.

Dia a rinne díoltas dom, a threascair ciníocha fúm,

Beidh mo theanga ag trácht ar d'fhíréantacht i gcaitheamh an lae ar fad, toisc gur cuireadh nuar agus náire ar an drong atá ar tí mo dhíobhála.

agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.”

A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”

Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”

agus thug Sól amas lena shleá air á rá leis féin: “Déanfaidh mé é a ghreamú den bhalla,” ach d'éalaigh Dáiví uaidh faoi dhó.

Dúirt Sól lena mhac Iónátán agus lena shearbhóntaí go léir nárbh fholáir Dáiví a mharú. Ach bhí an-chion ag Iónátán mac Shóil ar Dháiví

Ach chuir Sól a ghiollaí ar ais chun Dáiví a fheiceáil á rá: “Tugaigí chugam aníos ar a leaba é ionas go maróinn é!”

Theith Dáiví ó na botháin i Rámá, agus tháinig sé agus labhair sé le Iónátán: “Cad a rinne mé as an tslí? Cén cion atá orm, agus cén choir a rinne mé in aghaidh d'athar a rá go bhfuil sé ar thóir m'anama?”

Bhí eagla ar Dháiví mar go raibh Sól tagtha amach ar tí a mharaithe. Bhí Dáiví an uair sin i Hoiris i bhfásach Zíf.

Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais.

Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí