Ach níorbh áil leis casadh i leataobh agus bhuail Aibnéar sa bholg é le sáfach a shleá i dtreo gur tháinig an tsleá amach trína dhroim thiar. Thit sé ansiúd agus fuair bás ar an bhfód sin. Gach aon duine a tháinig mar ar thit Aibnéar, agus mar a bhfuair sé bás, stadadar.
Níor thóg Amásá aon cheann den chlaíomh i láimh Ióáb agus bhuail Ióáb é sa bholg leis agus scaoil sé a ionathar ar fud an bhaill, gan buille eile a bhualadh. Cailleadh mar sin é. Bhrostaigh Ióáb agus Aibísí ar aghaidh sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí.
Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.
Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin;