Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 3:34

An Bíobla Naofa 1981

Thit tú faoi mar a thitfeadh duine faoi láimh na gcoirpeach.” Agus chaoin an pobal go léir aris é.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Bhí siad ag caoineadh agus ag mairgnigh agus ag déanamh troscaidh go tráthnóna mar gheall ar Shól agus a mhac Iónátán, mar gheall ar phobal an Tiarna agus ar theaghlach Iosrael agus an bás le claíomh a imríodh orthu.

Mar seo leanas a chaoin an rí Aibnéar: “Ar dhual d'Aibnéar bás an amadáin? Ní raibh cuibhreach ar a lámha ná slabhra ar a chosa.

Bhí an pobal go léir ag iarraidh a áiteamh ar Dháiví bia a chaitheamh agus é fós ina lá, ach thug Dáiví mionn á rá: “Go ndéana Dia a leithéid seo agus a thuilleadh fós liom má bhlaisim arán nó aon rud eile go rachaidh an ghrian faoi!”

Éiríonn an dunmharfóir roimh lá, Leis an mbocht agus an dealbh a mharú. Téann an gadaí timpeall san oíche,

“Sín é an caoineadh a thógfar; iníonacha na gciníocha a thógfaidh é. Tógfaidh siad é ar son na hÉigipte agus ar son a pobail uile - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Amhail ropairí a dhéanann luíochán, bíonn slua sagart ag déanamh áir ar an mbóthar go Seicim; gan bhréag ar bith, is ainspianta a ngníomhartha!

Ghabh na Filistínigh é, bhaineadar na súile as agus thug leo síos go Gazá é. Chuireadar slabhraí cré-umha faoi agus chaith sé an t‑am ag casadh an mhuilinn sa phríosún.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí