Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 3:32

An Bíobla Naofa 1981

Rinneadar Aibnéar a adhlacadh i Heabrón, agus ghoil an rí go hard ar uaigh Aibnéar agus ghoil an pobal go léir chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Bhí siad ag caoineadh agus ag mairgnigh agus ag déanamh troscaidh go tráthnóna mar gheall ar Shól agus a mhac Iónátán, mar gheall ar phobal an Tiarna agus ar theaghlach Iosrael agus an bás le claíomh a imríodh orthu.

Ansin thug Dáiví ordú dá shaighdiúirí agus chuireadar chun báis iad; ghearradar a lámha agus a gcosa díobh agus chrochadar iad láimh le Linn Heabrón. Thógadar ceann Ís Bál agus rinneadar é a adhlacadh in uaigh Aibnéar i Heabrón.

Ba choir é sin leis a bheadh le díolt ag an dlí - Mé a shéanadh Dé in airde.

Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad, An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é?

Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort; nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,

Ansin chaoin Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis in ard a gcinn go dtí go rabhadar chomh lag sin nárbh fhéidir leo caoineadh a thuilleadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí