Nuair a bhí siad ag an ngallán mór i nGideón bhuail siad ceann ar aghaidh le hAmásá. Bhí a éide ar Ióáb, agus crios lasmuigh air sin timpeall a choime agus claíomh ina thruaill ar crochadh lena shliasaid; ag dul ar aghaidh dó thit an claíomh amach.
Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.”