Nuair a tháinig Ióáb agus an t‑arm go léir a bhí in éineacht leis, dúradh le Ióáb: “Bhí Aibnéar mac Néar ar thuairisc an rí, agus scaoil sé leis agus d'imigh sé faoi shíocháin.”
Nach bhfuil aithne agat ar Aibnéar mac Néar? Tháinig sé chun bob a bhualadh ort, chun gach cor a chuireann tú díot a fháil amach agus fios do ghnóthaí go léir a fháil.”
Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t‑olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!”
Chuir caint seo Ís Bál cuthach feirge ar Aibnéar. “An ceann madra as Iúdá mé,” ar sé. “Seo mé anois ar mo dhícheall ar mhaithe le teaghlach Shóil, d'athair, a dheartháireacha, agus a chairde, gan tú a thabhairt i lámha Dháiví, agus anois seo tú do mo lochtú i dtaobh mná!
Dúirt Bálác le Balám: “Cad é seo a rinne tú orm? Thug mé liom thú chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo tú gan ar siúl agat ach ag cur beannachtaí orthu!”