Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 3:20

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig Aibnéar agus fiche fear ina theannta go Dáiví i Heabrón, agus bhí féasta ag Dáiví in onóir Aibnéar agus a chomplachta.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Rinne sé fleá dóibh ansin agus chaitheadar bia agus deoch.

agus d'ofráil Iacób íobairt ar an sliabh agus ghlaoigh ar a bhráithre chun an bhéile. D'itheadar an béile agus chaitheadar an oíche go léir ar an sliabh.

Labhair Aibnéar chomh maith le muintir Bhiniáimin, agus chuaigh sé ansin go Heabrón, lena raibh socair ag Iosrael agus teaghlach Bhiniáimin go léir a rá le Dáiví.

Dúirt Aibnéar ansin le Dáiví: “Ní mór dom a bheith ag cur díom; táim chun Iosrael go léir a chruinniú go dtí mo thiarna, an rí. Déanfaidh siad conradh leat agus beidh tú i do rí ar mhian do chroí.” Scaoil Dáiví Aibnéar uaidh dá bhrí sin agus d'imigh sé gan aon duine a chur isteach air.

D'fhill Aibíogáil ar Nábál, agus bhí fleá ar siúl aigesean ina theach, fleá mar a mbeadh ag rí. Bhí Nábál meidhreach súgach agus toisc é a bheith ar a chaoil ní dúirt sí focal leis go raibh sé ina lá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí