Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 3:14

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Dáiví teachtairí ansin go Ís Bál, mac Shóil: “Tabhair ar ais dom mo bhean Míceal a bhuaigh mé le céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Bhí Ís Bál mac Shóil daichead bliain d'aois nuair a rinneadh rí ar Iosrael de; bhí sé dhá bhliain i gcoróin. Teaghlach Iúdá amháin a lean Dáiví.

Chuir Ís Bál fios uirthi dá bhrí sin á breith ó Phailtiéil mac Laís.

Nuair a bhí áirc an Tiarna ag dul isteach i nDúnfort Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví rí ag steipeadaíl agus ag rince os comhair an Tiarna; tháinig drochmheas aici air ina croí.

Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh.

D'fhreagair Sól: “Abraigí le Dáiví: ‘Níl de spré ón rí ach céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach mar dhíoltas ar naimhde an rí.’ ” Bhí Sól á bheartú go dtitfeadh Dáiví le láimh an bhFilistíneach.

d'éirigh Dáiví agus chuir chun bealaigh, é féin agus a chuid fear, agus mharaigh sé dhá chéad de na Filistínigh. Thug Dáiví a dhá gcéad forchraiceann leis agus chomhair ansiúd i láthair an rí iad, ionas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Ansin thug Sól a iníon Míceal dó mar bhean.

Míceal, iníon Shóil, bean Dháiví, bhí sí tugtha ag Sól do Phailtí, mac Laís, ó Ghailím.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí