Dúirt an rí le Ióáb agus leis na hoifigigh shinsir den arm a bhí in éineacht leis: “Imígí libh anois i measc treibheanna Iosrael ó Dhán go Béar Seaba agus déanaigí daonáireamh; is mian liom a fhios a bheith agam cad é líon an phobail.”
Na ríthe go léir ar an taobh seo den Iordáin agus ar na hísleáin, ar an bhfeorainn ar feadh na Farraige Móire i dtreo na Liobáine, na Hitigh, na Hamóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh - nuair a chualadar ina thaobh seo,
cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát.