Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 24:3

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Ióáb leis an rí: “Go gcuire an Tiarna, do Dhia, an rath faoi chéad ar do phobal fad tá súile ag an rí fós chun iad a fheiceáil. Ach cad ab áil le mo thiarna an rí a bheith chomh tógtha leis seo?”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Bíodh misneach agat agus seas an fód ar son ár bpobail agus cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.”

Ach chuir an rí a ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus na hoifigigh shinsir, agus d'imigh Ióáb agus na hoifigigh shinsir leo ó láthair an rí chun daonáireamh a dhéanamh ar phobal Iosrael.

Méadóidh an Tiarna i gcónaí sibh, sibhse agus bhur gclann go léir.

Mathshlua daoine is glóir ag rí; bíonn flaith faon nuair a bhíonn sé gan daoine.

Ar a fheiceáil duit, beidh loinnir i do ghnúis, beidh do chroí ag borradh ionat le tocht: óir casfar flúirse na farraige i do threo, tiocfaidh saibhreas na náisiún ag triall ort.

Agus tá an Tiarna Dia bhur sinsear chun sibh a rathú faoi mhíle sa bhreis agus a bheannacht a chur oraibh mar a gheall sé daoibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí