Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 24:24

An Bíobla Naofa 1981

Ach dúirt an rí le hArauná: “Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, ach díolfaidh mé as le hairgead. Ní dhéanfaidh mé íobairtí uileloiscthe nár chosain aon ní orm a ofráil don Tiarna mo Dhia.” Thug Dáiví dá bhrí sin caoga seicil airgid ar an urlár buailte agus ar na daimh.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

“Cuir uait, a thiarna,” ar sé, “agus éist liom. Bronnaim an fearann ort agus an uaimh atá ann; tugaim in aisce duit é i bhfianaise chlann mo mhuintire. Déan do mharbh a adhlacadh.”

Dúirt sé le hEafrón i gcomhchlos mhuintir na tíre: “Más mar sin [is mian leat]. Ach éist liom. Tabharfaidh mé a luach duit ar an bhfearann seo; tóg uaim é agus cuirfidh mé mo mharbh ann.”

Rinne Abrahám an margadh ar bhreith béil Eafrón, agus thomhais Abrahám d'Eafrón an tsuim airgid a luaigh sé i gcomhchlos chlann Héat, ceithre chéad seicil airgid is é sin, de réir an tomhais a chleacht na ceannaithe.

D'éirigh Sátan ina sheasamh in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví le daonáireamh a dhéanamh ar Iosrael.

Ansin dúirt Dáiví: “Anseo a bheidh teach an Tiarna, Dia; anseo a bheidh altóir an uileloiscthe d'Iosrael.”

Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os comhair an tsaoil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí