Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 24:22

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Arauná le Dáiví: “Tógadh mo thiarna an rí é, agus íobraíodh sé a rogha. Seo iad na daimh don íobairt uileloiscthe, na súistí agus na cuingeacha mar adhmad.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

“Cuir uait, a thiarna,” ar sé, “agus éist liom. Bronnaim an fearann ort agus an uaimh atá ann; tugaim in aisce duit é i bhfianaise chlann mo mhuintire. Déan do mharbh a adhlacadh.”

Thiontaigh Eilíseá i leataobh óna lorg, ghlac sé an chuingir agus mharaigh iad, agus leis na cuingeacha mar ábhar tine, bhruith sé feoil na ndamh; ansin thug sé do na fir í agus d'itheadar. D'éirigh sé ansin agus lean Éilias agus bhí ina shearbhónta aige.

Ansin dúirt Dáiví le hOrnán: “Tabhair dom láthair an urláir bhuailte le haltóir a thógáil ann don Tiarna - tabhair dom é ar a luach iomlán - i dtreo go gcasfaí an phlá ar shiúl ón bpobal.”

Tóg altóir chloch dea-chumtha don Tiarna do Dhia ar bharr an fharragáin seo. Ansin faigh an gamhain ramhar, an dara ceann, agus íobair é mar íobairt dhóite le hadhmad an chuaille a bheidh gearrtha anuas agat.”

Tháinig an carr isteach i ngort Iósua ó Bhéit Seimis, agus stad sé ansin. Bhí gallán ansiúd agus bhris na daoine adhmad an chairr agus d'ofráil siad na ba mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí