D'fhéach sé suas agus b'shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.
Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
“Cén fáth ar tháinig mo thiarna an rí chun a shearbhónta?” a d'fhiafraigh Arauná. D'fhreagair Dáiví: “Chun an t‑urlár buailte a cheannach uait le haltóir a thógáil don Tiarna ionas go staonfadh an phlá den phobal.”
Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: “Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?”