Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 24:19

An Bíobla Naofa 1981

Ar fhocal Ghád, ghabh Dáiví suas ar ordú an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Rinne Naoi é sin, rinne sé ar ordaigh an Tiarna dó.

Chuaigh Gád go Dáiví an lá sin agus dúirt leis: “Gabh suas agus tóg altóir don Tiarna ar urlár buailte Arauná an Iabúsach.”

Nuair a d'fhéach Arauná síos agus go bhfaca sé an rí agus a oifigigh ag céimniú ina threo, chuaigh sé ar aghaidh agus chrom chun talún in ómós don rí.

Ghabh Dáiví suas dá bhrí sin de réir bhriathar Ghád, an briathar a labhair sé in ainm an Tiarna.

D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”

Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.

Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).

Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d'imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí