Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 24:11

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a d'éirigh Dáiví an mhaidin ina dhiaidh sin, bhí teachtaireacht ón Tiarna go dtí Gád fáidh, fear feasa Dháiví, á rá:

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Chuir an Tiarna Nátán fáidh chuig Dáiví. Tháinig sé chuige agus is é a dúirt sé: “Bhí beirt fhear san aon bhaile amháin, fear saibhir agus fear bocht.

“Téigh agus abair le Dáiví: seo mar a deir an Tiarna: ‘Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.’ ”

Nuair a d'éag Azúbá, phós Cálaeb Eafrát a rug mac dó, Húr.

Ansin labhair an Tiarna le Gád, fear feasa Dháiví á rá:

Clann mhac Haemán an fáidh iadsan go léir. Ba iad a shéideadh an stoc mar thionlacan le briathra Dé. Bhronn Dia ceathrar mac déag agus triúr iníon ar Haemán.

Stair Dháiví rí, ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa in Annála Shamúéil an físí, in Annála Nátán an fáidh, agus in Annála Ghád an físí,

Chuir sé na Léivítigh i dTeampall an Tiarna le ciombail, le cláirseacha agus le cruiteanna, de réir ordú Dháiví agus Ghád, físí an rí, agus Nátán an fáidh; ón Tiarna an t‑ordú dáiríre trí bhéal a fháithe.

Ansin dúirt an fáidh Gád le Dáiví: “Ná fan sa daingean; imigh leat agus gabh isteach i dtír Iúdá.” D'imigh Dáiví leis dá bhrí sin agus chuaigh isteach i bhforaois Heirit.

(Sa seansaol in Iosrael nuair a théadh duine ag lorg faisnéise ó Dhia, deireadh sé: “Tar, téanam go dtí fear na bhfíseanna,” mar an té ar a dtugtar fáidh anois thugtaí fear na bhfíseanna air fadó.)




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí