2 Samúéil 24:1An Bíobla Naofa 1981Las fearg an Tiarna arís in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví ina n‑aghaidh. “Téigh,” ar sé, “agus déan daonáireamh ar Iosrael agus ar Iúdá.” Féach an chaibidil |
Dúirt Maois le hÁrón agus lena mhic Eileázár agus Íteámár: “Ná stollaigí gruaig bhur gcinn agus ná sracaigí bhur gcuid éadaigh; ní baol daoibh an bás; is leis an gcomhthionól uile atá sé i bhfearg; is é teaghlach Iosrael uile a chaithfidh bhur mbráithre a chaoineadh, bhur mbráithre a scrios tine an Tiarna.
Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’