Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 23:9

An Bíobla Naofa 1981

Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó mac Achochaí. Bhí seisean le Dáiví [ag Pas Damaín] nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ansiúd agus a chúlaigh clann Iosrael rompu.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Bhí Dódai an tAchóchach i gceannas an dara roinn i gcomhair an dara mí. Bhí sé i bhfeighil roinne de cheithre mhíle fichead fear.

Aibíseúa, Námán, Achóach,

Thairis sin arís mar a mbuafaí ar an duine aonair, is féidir don dís an fód a sheasamh. Ní furasta ach oiread corda trí dhual a bhriseadh.

- Phasáil mé an chantaoir i m'aonar; duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom. Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm, agus shiúil mé orthu i gcuthach dom; steall súlach a gcroí ar mo chulaith agus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad.

Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom; agus b'iontach liom nach raibh taca le fáil. Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom, agus m'fhearg, is í a rinne taca dom.

Ach is chun go gcomhlíonfaí na scrioptúir é.” Agus thug siad uile a gcúl leis agus theith.

Lean an Filistíneach air: “Tugaim dúshlán sluaite Iosrael inniu; cuiridís fear chugam le comhrac aonair a dhéanamh liom.”

Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: “Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d'Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?”

Mharaigh do shearbhónta idir leoin agus bheithreacha, agus tabharfar an íde chéanna leo ar an bhFilistíneach seo gan timpeallghearradh ós rud é gur thug sé a dhúshlán le sluaite Dé bheo.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí