Loiscfidh tú iad mar a dhéanfá i mbruithneach thine an uair a thaibhseoidh do ghnúis. Scriosfaidh an Tiarna ina dhíbheirg iad, agus déanfaidh an tine a slogadh.
Ná bíodh eagla ortsa rompu, a mhic an duine; ná bíodh eagla ort nuair a deir siad: ‘Tá dealga thart ort agus scairpeanna fút.’ Ná bíodh eagla ort roimh a mbriathra ná eagla roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.
Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t‑arbhar isteach i mo scioból.’ ”
Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta.