Ghluais Ióáb mac Zarúá agus lucht leanúna Dháiví amach chomh maith agus bhuaileadar le chéile ag Linn Ghibeón. Stad siad ansiúd, dream díobh ar thaobh den linn, agus an dream eile ar taobh eile.
Bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh ag Gob. Agus mharaigh Ealchánán mac Iáír, ó Bheithil, Góla an Giteach ar chosúil le bíoma fíodóra crann a shleá.
Sa cheathrú háit, i gcomhair an ceathrú mí, bhí Asáhael, deartháir Ióáb. Tháinig a mhac Zabaidiá i gcomharbacht air. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.