Banáiá mac Iahóideá, laoch ó Chabzael, fear déanta mórghníomh, threascair sé dhá churadh Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.
Agus mharaigh sé Éigipteach, fear dealraitheach; bhí sleá ina láimh ag an Éigipteach, ach ghabh Banáiá síos chuige agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh é lena shleá féin.