Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna.
Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann. Tá an teanga spallta iontu le tart. Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh, mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.
Óir doirtfidh mé uisce anuas ar an triomlach, uisce ina thuilte ar an talamh spalptha. Doirtfidh mé mo spiorad ar do phór, mo bheannacht ar shliocht do shleachta.
D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”