Nuair a chuala na Filistínigh gur ceapadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir, ghabhadar go léir suas ar a thóir. Arna chlos sin, chuaigh Dáiví síos go dtí an dúnfort.
Sin iad an dream a ghabh thar an Iordáin sa chéad mhí agus í ag cur thar a bruacha go léir, agus a chuir an teitheadh ar gach duine a raibh cónaí orthu ar a bruacha thoir agus thiar.
Ansin rachaidh tú go Gibeá Dé (mar a bhfuil garastún na bhFilistíneach). Ag teacht chun na cathrach sin ansiúd duit, buailfidh tú le buíon fáithe ag teacht anuas ón ardionad agus cruit, bodhrán, feadóg, agus lir rompu amach; beidh buile na bhfáithe orthu.
Agus chuala Iosrael go léir an scéala gur scrios Sól garastún na bhFilistíneach, agus go raibh Iosrael anois in earraid leis na Filistínigh. Tháinig an pobal go léir le chéile go Sól ag Gilgeál.
Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”
D'imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuaigh i bhfolach in uaimh Adulám. Chuala a dheartháireacha agus muintir a athar go léir é sin agus chuadar síos ansiúd chuige.