Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos agus thángadar timpeall aimsir an fhómhair go Dáiví san uaimh in Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím.
Amhail nuair a tharraingíonn an buanaí gabháil den arbhar chuige, agus go mbaineann a lámh na diasa; amhail nuair a bhíonn na ceannóga á gcnuasach i ngleann Rafáím.
D'imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuaigh i bhfolach in uaimh Adulám. Chuala a dheartháireacha agus muintir a athar go léir é sin agus chuadar síos ansiúd chuige.