Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 22:48

An Bíobla Naofa 1981

Dia a rinne díoltas dom, a threascair ciníocha fúm,

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Aichímeáz mac Zádóc: “Caithfidh mé rith agus a rá leis an rí gur fhuascail an Tiarna é ó láimh a naimhde.”

Ansin tháinig an Cúiseach i láthair. “Dea-scéala do mo thiarna an rí!” arsa an Cúiseach. “Rinne an Tiarna thú a fhuascailt inniu ó láimh gach duine a rinne ceannairc i d'aghaidh.”

agus thugadar ceann Ís Bál go Dáiví i Heabrón. “Seo duit,” ar siad leis an rí, “ceann Ís Bál, mac Shóil, do namhaid, an té a bhí ar thóir d'anama. Rinne an Tiarna mo thiarna, an rí, a agairt ar Shól agus ar a shliocht inniu.”

Salm Dháiví. 1 D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”

Is é siúd mo ghrá agus mo dhaingean; is é mo dhún é agus m'fhuascailteoir; mo sciath é ina gcuirim mo dhóchas; cuireann sé ciníocha faoi mo smacht.

A Thiarna Dia, is leatsa an díoltas; a Dhia, a dhíoltasaí, bí do do thaispeáint féin dúinn.

Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige.

Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.

Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t‑íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i d'aghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú.

Nuair a bheidh gach ní cóir atá geallta aige fút déanta ag an Tiarna do mo thiarna, nuair a bheidh tú ceaptha i do thaoiseach ar Iosrael aige,

Nuair a fuair Dáiví scéala báis Nábál, dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna a rinne an aithis a fuair mé ó láimh Nábál a agairt, agus a choisc a shearbhónta ón olc; tá drochbhearta Nábál tugtha sa mhullach air féin ag an Tiarna.” Ansin chuir Dáiví scéala cleamhnais go hAibíogáil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí