Dé bheatha, a Thiarna. Gura beannaithe mo charraig. Go mórtar mo Dhia, carraig mo shlánaithe,
Sé mo Dhia m'fhuasclóir. Téim ar a choimirce, ós é mo charraig é, mo sciath, agus adharc mo shlánaithe, mo dhún, mo dhídean, mo shlánaitheoir. Déanann tú mé a fhuascailt ón éigean.
Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.
Leathfaidh mé a lámh os cionn na mara agus a dheaslámh os cionn na n‑aibhneacha.
Glaofaidh sé orm: ‘Is tú m'athair; is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’
An Tiarna mo neart, mo dhán; eisean mo shlánú. Eisean mo Dhia, agus molfaidh mé é. Dia m'athar, agus móraim é!
agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.