Agus abraigí le hAmásá chomh maith: ‘Nach tú m'fhuil agus m'fheoil féin? Go ndéana Dia seo agus siúd eile liom mura tú a bheidh mar cheann feadhna agam as seo amach in áit Ióáb.’ ”
D'éirigh an rí ansin, agus chuaigh agus shuigh ina chathaoir ag an ngeata. Chuala na saighdiúirí go léir an scéala gan mhoill. “Tá an rí,” ar siad, “ina chathaoir ag na ngeata.” Agus chruinnigh an pobal go léir i láthair an rí. Theith Iosrael go léir, gach fear chun a bhaile féin.
Chuaigh an bhean [ar ais isteach sa chathair agus labhair] le barr céille leis an bpobal go léir. Bhaineadar an ceann de Sheaba mac Bhicrí agus chaitheadar amach go Ióáb é. Shéid seisean an stoc ansin agus scaipeadar leo ón gcathair, gach duine chun a bhaile féin.
Mhair an chogaíocht, más ea, idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví; bhí Dáiví ag dul i neart agus i neart, ach bhí teaghlach Shóil ag dul i laige agus i laige.
Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duit agus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith. Toisc an Tiarna, do Dhia, agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort.
Bhí mé ansin le lorg ag dream nach raibh do m'iarraidh agus bhí fáil orm ag dream nach raibh do mo chuartú. Bhí mé ag rá: “Seo anseo mé, seo anseo mé,” le cine nach raibh ag glaoch ar m'ainm.
Ní eireaball a dhéanfaidh an Tiarna díot, ach ceann; ní in íochtar a bheidh tú choíche, ach in uachtar, má ghéilleann tú d'aitheanta an Tiarna do Dhia, a ordaím duit inniu, á gcoimeád le barr cúraim,
Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”